An Ghaeilge
Ár gcultúragusár n-oidhreachtteanga a chur chuncinn
Is teanga bheo í an Ghaeilge. Tá iarracht as cuimse déanta le roinnt blianta anuas cur le líon na gcainteoirí Gaeilge. Mar sin féin, theip ar an rialtas infrastruchtúr cuí a chur i bhfeidhm le seirbhísí a chur ar fáil don phobal seo.
Tá maoiniú d’eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn tar éis titim le blianta beaga anuas ach de réir tuairisce de chuid Chonradh na Gaeilge ar fhorbairt na teanga thar thréimhse cúig bliana (An Plean Fáis 2024-2029), tá beirt as gach triúr a ghlac páirt sa suirbhé den tuairim gur cheart go mbeadh tuilleadh maoinithe á chur ar fáil ag an rialtas leis an teanga a chur chun cinn.
Luadh sa tuairisc chéanna go bhfuil duine as beirt ag iarraidh níos mó deiseanna an Ghaeilge a labhairt níos minice. Tá an t-éileamh ann. Tá an riachtanas soiléir. Tá an Ghaeilge ar cheann de na haitheantóirí cultúir is tábhachtaí dá bhfuil againn mar shochaí. Seachadadh í ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus tháinig sí slán ó na céadta bliain d’iarrachtaí í a chur faoi chos.
I sochaí ina bhfuil domhandú agus aonchineálacht chultúir forleathan, is í an teanga a nascann an duine leis an áit agus leis an bpobal, rud a theastaíonn uaidh chuile shochaí neamhspleách le bheith faoi bhláth.
Ar ndóigh, tá nasc láidir le fostaíocht sa nGaeltacht le rath na Gaeltachta. Caithfidh an tÚdarás a chinntiú go bhfuil caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge ag croílár a chuid gníomhartha. Tá sé cheantar pleanála teanga is fiche ar an bhfód agus tá sé riachtanach an dóthain maoinithe a chur ar fáil dóibh le cinntiú go n-éiríonn lena gcuid iarrachtaí. Tá sé riachtanach chomh maith tuilleadh maoinithe a chur ar fáil don Údarás le cinntiú go mbeidh rochtain ar acmhainní cuí ag chuile cheantar pleanála teanga.
Níl cothrom na Féinne á fháil ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh an mhaoinithe de. Tá athruithe i mbuiséad caipitil na ngíomhaireachtaí rialtais i gceannas ar chruthú fostaíochta idir 2008 agus 2022 le feiceáil i nGraf ar leathanach 21. Is léir gur laghdaíodh tagtha ar buiséad Údarás na Gaeltachta in 2008 agus, fiú leis an €14.5 sa mbreis a fógraíodh in 2021, tá an tÚdarás ag titim chun deiridh le hais an dá ghrúpa eile.
Tá laghdú tagtha ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta, ó €25.5m in 2008 go €14.5m in 2021 (níl méadú tagtha ar an mbuiséad sin ó 2021, cé go bhfuil costais le tograí caipitil a reáchtáil ag dul i méid de bharr an ardaithe ar ráta boilscithe ó shin. Is ionann seo agus laghdú buiséid 43%. Tá buiséad an GFT tar éis méadú 66% agus buiséad Fhiontraíocht Éireann tar éis méadú 30% sa tréimhse chéanna.