Cllr Noel Thomas

Eolas Fúm

“Tuigim na fadbhbanna roimh mhuintir na Gaillimhe Thiar. Tá breis is scór bliain caite agam ag obair inár bpobal féin ag cabhrú le daoine go pearsanta agus tá mé ag iarraidh sesamh ar bhur son go náisiúnta le hathruithe cuí a thabhairt isteach i nDáil Éireann”

Eolas Fúm

Noel Thomas is ainm dom agus tá mé ag seasamh d’Éirinn Neamhspleách sacéad Olltoghchán eile i nGaillimh Thiar   

Tá mé ag obair mar Chomhairleoir le 10 mbliana agus mar bhall gníomhach i mo phobal le cosamar 30 bliain.

Tuigim na fadhbanna a chuireann isteach do mhuintir Ghaillimh Thiar mar go dtéim i ngleic leo chuile lá den tseachtain agus mar gheall ar mo chuid taithí ag cabhrú le cúrsaí pleanála, tithíochta, taistil, talmhaíochta, fiontair, sláinte agus le forbairt phobail.

  • “Caithfear tosú ón tús sa dáilcheantar seo. Níl ionadaí sinsearach sa rialtas ag Gaillimh le blianta fada agus tá muid ligthe i ndearmad mar thoradh. Creidim gur theip ar Rialtas i ndiaidh Rialtais faillí a dhéanamh ar mhuintir na Gaillimhe agus nach bhfuil siad tar éis dul i ngleic leis na fadhbanna sa gcontae. Tá na polasaithe socheacnamaíocha le roinnt blianta anuas ag brú daoine óna n-áit dúchais féin go bailte agus cathracha atá róphlódaithe mar atá siad. Theip ar na polasaithe seo. Níl an t-infrastructúr sách maith sna bailte agus cathracha le déileáil leis an méid seo daoine agus fágtar an tuath gann agus áiseanna ag teastáil go géar Tá mé ag iarraidh é sin a chur ina cheart. Tá ag iarraidh seasamh ar son an phobail le teann ionracais, cneasachta agus díograise leis hathruithe a bhfuil géarghá leo i nGaillimh Thiar a chur i gcrích.

Ag Obair do Thodhchaí Níos Fearr

Creidim go láidir go bhfuil an teaghlach mar chroílár an phobail agus go gcaithfidh infrastruchtúr a bheith sách láidir len é a chosaint. Lig do dhaoine tithe a thógáil ina n-áit dúchais féin. Lig dóibh a gclann a chur go dtí an scoil áitiúil. Cuir an t-infrastruchtúr ar fáil le gnónna a thosú. Cuir na hacmhainní cuí ar fáil le hionaid chultúir, teanga, phobail agus spóirt a fhorbairt. Tabhair cúnamh dóibh aire a thabhairt dá dtuistí aosta. Caithfear breathnú ar fhorbairt na tuaithe mar leigheas ar phlódú na gceantar uirbeach, agus ní mar fhoinse tuilleadh brú a chur air, mar atá sí faoi láthair.

Foireann ar Son Athruithe Éifeachtacha

Bunús fíorthábhachtach d’Éire Neamhspleách is ea bheith ag obair as lámh a chéile le hathruithe éifeachtacha a dhéanamh inár bpobail. Athchóirfidh muid an dearcadh maidir le Gaillimh Thiar.

Tá muid ag iarraidh cumhacht a thabhairt don phobal agus do na daoine. Tá muid ag iarraidh ionaid agus fiontair phobail a fhorbairt. Tá muid ag iarraidh cur le maoiniú d’eagrachtaí cosúil le hÚdarás na Gaeltachta agus an Oifig Fiontair Áitiúil.

Tá muid ag iarraidh níos mó airgid do TG4 agus go gcruthófar seirbhís nuachta neamhspleách a chruthú. Tá muid ag iarraidh an bealach go gcuirtear tithe poiblí i gcathracha agus i bpobail a athrú. Tá muid ag iarraidh glór a thabhairt d’fheilméirí agus teaghlaigh feirme ar aon pholasaí a mholtar ina leith.

Glór Iontaofa ar na Mórfhabhbanna.

Tá muid ag iarraidh polasaithe ar inimirce a athrú le cinntiú go gcuirtear fáilte roimh dhaoine don tír a chuireann leis an tsochaí, agus ní daoine a bhrú in aonaid agus i bpobail mhíshábháilte agus mhí-oiriúnacha. Tá muid ag iarraidh go dtógfar an Seachbhóthar chomh luath is féidir agus go ndéanfar infheistíocht i mbóithre Chonamara. Tá muid ag iarraidh go mbeadh infrastructúr Ghaillimh Thiar ag teacht le háilleacht na cathrach agus an cheantair ina bhfuil muid inár gcónaí. Bhí na blianta ag páirtithe an rialtais déileáil leis na fadhbanna seo ach theip orthu.

Tá sé in am vóta a chaitheamh ar Éire Neamhspleách. Vótáil 1 Noel Thomas le hathruithe a chinntiú i nGaillimh Thiar