Costas Maireachtála
Tacú le Teaghlaigh, Leasú Cánach agus Tacú le Gnóthaí
Tá dhá chúis le géarchéim an chostais mhaireachtála: cúinsí eacnamaíochta nach bhfuil aon neart ag an Rialtas orthu, cosúil le boilsciú; agus cúinsí a bhfuil neart ag an Rialtas orthu, ar nós cúrsaí cánach. Nuair a fhiafraítear den Rialtas cén chaoi a bhfuil sé ar intinn acu dul i ngleic leis an ngéarchéim, is minic dóibh tagairt a dhéanamh do nite nach bhfuil aon neart acu orthu le freagracht a sheachaint.
Tá faillí déanta ag an Rialtas ar na cúinsí seo ar eagla go n-athrófaí meon an phobail orthu sa ngearrthréimhse, fiú má chinntíonn sé rath na tíre sa bhfadtéarma. Tá suim níos mó ag Éire Neamhspleách i rath fadtéarmach seachas i meon an phobail ar an bpáirtí. Is í aidhm ár gcuid moltaí ná brú a laghdú ar theaghlaigh agus ar ghnóthaítrí leasú cánachais chomh maith le dul i ngleic le róchaiteachas an rialtais.
Key Policy Positions:
Fáil réidh leis na ranníocaíochtaí MSU agus ÁSPC do dhaoine in aois phinsin atá fós ag obair.
Níos mó faoiseamh cánach dóibh siúd ag cur le pinsean príobháideach.
Deireadh a chur le ‘glaschánacha’ - athbhreithniú a dhéanamh ar an aidhm a luaitear leo agus socruithe a chur i bhfeidhm dá réir. Mura bhfuil ag éirí leo tionchar carbóin a ísliú, níl iontu ach breischánacha, agus ní glaschánacha.
Cáin na meánaicme a ísliú trí chinntiú nach ngearrtar an ráta is airde cánach orthu siúd ag saothrú níos lú ná €50,000 in aghaidh na bliana