Cosaint agus tacaíocht a thabhairt dár dtionscail dhúchasacha.

Talmhaíocht agus Iascaigh

Tá feirmeoirí na Gaillimhe bréan den fhaillí atá á déanamh orthu. Tá ÉireNeamhspleách ag éisteacht leo, seasfaidh muid leis an earnáil talmhaíochta.

Bunchloch na heacnamaíochta tuaithe ná feirmeoireacht agus iascaireacht agus déanfaidh Éire Neamhspleách na hearnálacha seo a chosaint. Deir an Rialtas go héagórach gurb iad na feirmeoirí is cúis le hathrúaeráide agus is minic a dhúnann siad a súile ar dhrochbhail na hearnála, a dhéanann an-deacair é d’fheirmeoirí plean ar bith a leagan amach. Tá ár gcuid polasaithe éasca le tuiscint: cuirfidh muid polasaithe i bhfeidhm a chuirfidh le feirmeoireacht agus le hiascaireacht; agus cuirfidh muid in aghaidh iarracht ar bith