Údarás agus Forbairt Phobail

Ag tacú leis na Ceantair Ghaeltachta

Caithfeartacú le nuálaíocht mar go gcothaíonn sí forbairt i gceantar ar bith.

Caithfear infheistíocht eacnamaíochta a chur ar fáil i gceantair ina an daonra ag dul i laige. Caithfidh go mbeidh Údarás na Gaeltachta mar údarás neamhspleách ar fhorbairt sa nGaeltacht arís.

  • Maoiniú caipitil a mhéadú d’Údarás na Gaeltachta le cur lena hacmhainn tacú le forbairt eacnamaíoch agus soláthar post i gceantair Ghaeltachta. Leis sin, ba cheart maoiniú ilbhliantúil a chur ar fáil le pleananna agus tograí straitéiseacha fadtéarmacha a chur i bhfeidhm. Ba cheart go dtiocfadh aon mhéadú orthu seo le méadú an dá ghníomhaireachtaí forbartha eile tar éis 2008, an GFT (méadú 66%) agus Fiontraíocht Éireann (méadú 30%).

  • Tuilleadhacmhainníle rochtainarleathanbhandaardluaisagus moil dhigiteacha (gréasángteic) a chur arfáilsnaceantairGhaeltachta. BheadhCisteNascachtDhigiteachnaGaeltachta le maoiniú €50m thar thréimhsecúigblianaluaite leis mar pháirt de seo, le cothromaíochtnaFéinne le ceantairuirbeacha a chinntiú. 

  • Maoiniúagussolúbthacht a chur arfáild’Údarás na Gaeltachta talamh a cheannachagus a dhíol le dulingleic leis an mbeagán tithe inacmhainneatáarfáiligceantairlabharthaGhaeilge. Ba cheart go mbeadh an chumhacht ag Údarástalamh a cheannach, scéimeannatithíochtaatáforbartha ag páirtithestraitéiseachapobaila mhaoiniúaguscoinníollachaGaeilge a chur ibhfeidhmarthithenuathógálaithe.

  • CisteNuálaíochtaGaeltachta a chruthú, faoistiúirÚdarásnaGaeltachta, le tacú le taighdeagusforbairtagusborradh a chur faoifhiontarGhaeltachta. Ba cheart go gcuirfí €20 ileataobh don chisteseo in aghaidhnablianaagustacaíochtmheantóireachtaagusoilteachta a bheithsanáireamh leis chomhmaith le cúnamhairgeadais.

  • Scéimeanna tacaíochta d’fhiontair shóisialta de chuid Údarás na Gaeltachta a neartú le tionsclaíochtaí forbartha inbhuanaithe a chothú atá treoraithe ag an bpobal. Ba cheart go mbeadh ardú 20% i maoiniú d’eagraíochtaí fhorbairt na tuaithe a bheith san áireamh leis seo, a chabhródh leo fiontair shóisialta a bhunú a rachaidh chun tairbhe na Gaeltachta ó thaobh seirbhísí, fostaíochta agus saoil de.

  • Maoiniú de €760,000 sa mbreis in aghaidh na bliana ag Muintearas le cláir oideachais agus oiliúna do dhaoine óga a chur chun cinn sa nGaeltacht, chomh maith €550,000 sa mbreis in aghaidh na bliana d’Ealaín na Gaeltachta le tionsclaíochtaí ealaíon agus cultúir a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta.

  • Gníomhaireacht um Fhuinneamh In-Athnuaite na Gaeltachta a bhunú faoi stiúir Údarás na Gaeltachta le tograí ar leis an bpobal iad ag plé le fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn. Bheadh sí mar aidhm na gníomhaireachta seo togra fuinneamh in-athnuaite amháin, ar a laghad, agus a bheadh faoi stiúir an phobail féin, a bhunú i ngach ceantar Gaeltachta taobh istigh de chúig bliana.

  • Tuileadh maoinithe do thionsclaíochtaí pleanála an Údaráis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail. Dhéanfaí an buiséad reatha do phleanáil teanga a dhúbailt agus chuirfí le líon na nOifigeach Pleanála Teanga don Ghaeilge, le béim ar mhol lárnach a chruthú i ngach ceantar Gaeltachta i gceann dá sráidbhailte/bailte.

  • Gealltanas a thabhairt an Próiseas Pleanála Teanga a athnuachan do sheacht mbliana sa mbreis, mar go bhfuil dáta deiridh chuid de na pleananna in 2026.

  • Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) a bhunú le hÚdarás na Gaeltachta, le maoiniú agus cumhacht siúd san áireamh. Comhlíonann an tÚdarás feidhmeanna OFÁ taobh istigh den Ghaeltacht cheana féin ach ní chuirtear maoiniú ar fáil dó don dualgas seo, rud a fhágann ceantair Ghaeltachta faoi mhíbhuntáise le hais na gceantar taobh amuigh den Ghaeltacht. D’éileodh sé seo €4.5m in aghaidh na bliana mar phointe tosaigh do thacaithe OFÁ.

  • €7.5m in aghaidh na bliana a chur i leataobh thar thréimhse cúig bliana d’Údarás na Gaeltachta le hinfreastruchtúr do chaithimh aimsire amuigh faoin spéir a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta, a chuirfidh le háiseanna an phobail chomh maith le féidearthachtaí turasóireachta. Thacódh an maoiniú seo le cruthú agus uasghrádú na gconairí siúil, rotharbhealaí, agus áiseanna snámha, agus chinnteodh sé comharthaíocht chuí agus ábhair léirmhínitheacha i nGaeilge agus i mBéarla. Ní hamháin go gcuirfeadh an infheistíocht seo le caighdeán maireachtála na gcónaitheoirí Gaeltachta, ach bheadh borradh faoi thurasóireacht inmharthana chomh maith, rud a chuirfeadh le deiseanna fostaíochta san earnáil do chaithimh aimsire amuigh faoin spéir agus san earnáil sláinte. D’oibreodh Údarás na Gaeltachta as lámh a chéile le húdaráis áitiúla, Fáilte Éireann, agus grúpaí pobail le cinntiú go dtagann na forbairtí seo uilig le straitéisí reatha níos leithne do thurasóireacht réigiúnach agus le tionsclaíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn.