An Comh. Noel Thomas

Ag seasamh sa toghchán i nGaillimh Thiar

An tAthrú Ag Teastáil

Vótáil d’fhorbairt cheart, vótáil do ghlór ar féidir brath air.


Tá mé mar Chomhairleoir le 10 mbliana anuas agus gníomhach i mo phobal féin le cosamar 25 bliain.

Tuigim na fadhbanna roimh mhuintir na Gaillimhe Thiar de bharr go dteánn i ngleic leo lá i ndiaidh lae agus de bharr mo chuid taithí ag tacú le mo phobal le cúrsaí pleanála, tithíochta, taistil, talmhaíochta, fiontair, sláinte, agus le forbairt phobail.

“Caithfear tosú ón tús sa dáilcheantar seo. Creidim gur theip ar Rialtas i ndiaidh Rialtais faillí a dhéanamh ar mhuintir na Gaillimhe agus nach bhfuil siad tar éis dul i ngleic leis na fadhbanna sa gcontae. Tá mé ag iarraidh é sin a chur ina cheart.”

Fadhbanna Ríthábhachtacha Ghaillimh Thiar.

  • Tithíocht agus Pleanáil

    A bheith gníomhartha le dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta. Léigh an Polasaí

  • An Ghaeilge

    Ár gcultúr agus ár n-oidhreacht teanga a chur chun cinn Léigh an Polasaí

  • Talmhaíocht agus Iascaigh

    Cosaint agus tacaíocht a thabhairt dár dtionscail dhúchasacha: Léigh an Polasaí

  • Údarás agus Forbairt Phobail

    Maoiniú caipitil a mhéadú d’Údarás na Gaeltachta le cur lena hacmhainn tacú le forbairt eacnamaíoch: Léigh an Polasaí

  • Sláinte

    Soláthar cúram sláinte a fheabhsú, tacaíocht a thabhairt dár n-oibrithe sláinte túslíne: Léigh an Polasaí

  • Uisce agus an Comhshaol

    Ceannaireacht chomhshaoil a bhfuil ciall ag baint léi – ní theastaíonn tuilleadh cánach.

  • Taisteal

    Aghaidh a thabhairt ar thranglan tráchta i gCathair na Gaillimhe, bóithre agus infrastructúr tuaithe a fheabhsú.

  • Imirce

    Ár dteorainneacha a dhaingniú, deifir a chur le reachtaíocht inimirce.

  • Fiontar Tuaithe

    Forbairt réigiúnach chomhthairbheach a thacaíonn go hiomlán leis an gceantar tuaithe in Éirinn.

Tá Tithíocht agus Pleanáil ag croílár na mbunfhabhanna a raibh orm dul i ngleic leo agus mé i mo Chomhairleoir. Creidim go láidir gur cheart go mbeadh sé de chead ag teaghlaigh tógáil ar a dtalamh féin, le cur le haonad socheacnamaíoch an phobail agus a spreagann forbairt phobail chomhthairbheach.

Éire Neamhspleách, Páirtí Nua Le Smaointe Nua agus Freagraí Ciallmhara

Bunaíodh Éire Neamhspleách le rogha nua a thabhairt do vótálaithe na hÉireann. Mar bhall d’fhoireann de chomhairleoirí agus Teachtaí Dála neamhspleácha a bhfuil an dearcadh céanna acu, creidim muid gur féidir linn freagraí ciallmhara a sholáthar le déanamh cinnte go mbeidh ionadaíocht mhaith ag muintir na Gaillimhe i nDáil Éireann. Le fada an lá, tá rialtas i ndiaidh Rialtas ag ag cur béime ar riachtanais iad siúd ar an líne DART agus iad tar éis beag is faillí a dhéanamh ar chúraimí na bpobal tuaithe in Éirinn. Caithfear oibriú le chéile le hathrú dearfach a bhaint amach a dhéanfaidh difríocht ollmhór i saol ár dtoghthóirí,