Masla do mhuintir na Gaeltachta is ea an tardú a cuireadh ar fáil do Údarás na Gaeltachta sa Bhuiséad

Masla do mhuintir na Gaeltachta is ea an tardú a cuireadh ar fáil do Údarás na Gaeltachta sa Bhuiséad dar leis an gComharleoir Noel Thomas. Tháinig méadú de €1.9m ar bhuiséad an Údaráis ach ní thagann sé seo garr don mhéid atá ag teastáil dar leis an gComharleoir Thomas. 

 “Tháinig laghdú ar bhuiseád caipitil an Údaráis ó €25.5m i 2008 go dtí €14.5m i 2021. Tháinig árdú de 66% ar bhuiséad an IDA agus 30% ar bhuiséad Fhiontríocht Éireann sa tréimhse céanna,” a dúirt Noel Thomas. “Ní thuigim cen chaoi gur féidir leis an rialtas €4.1m a chur ar fáil do chaiple agus cúanna ach nach féidir ach €1.9m a chur ar fáil don Údarás le fostaíocht agus an Ghaeilge a chur chun cinn.” 

 “I measc a bhfuil ag teastáil ba chóir €10m sa bhliain ar feadh chúig mbliana a chur ar fáil leis na ceantaracha Gaeltachta a thaibhairt suas go sprioc chomh fada is a bhaineann sé le leathanbhanda. Ba chóir Údarás na Garltachta a mhaoinú i gceart le fostaíocht agus fiontraíocht a fhorbairt agus ba chóir tacaíocht €10m a chur ar fáil chun áiseanna turasóireachta a fhorbairt,” a deir sé.


Previous
Previous

On The Canvass Trail in Galway West

Next
Next

Councillor Noel Thomas Selected as Independent Ireland Galway West Candidate for General Election